system message icon
Corvers Survey

Is córas bainistíochta suirbhéanna ar líne é Corvers Survey lenar féidir foirmeacha don phobal a chruthú agus a fhoilsiú, m.sh. suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí agus comhairliúcháin phoiblí. Is é is príomhchuspóir dó suirbhéanna oifigiúla a chruthú chun tuairimí an phobail a fháil agus foirmeacha a chruthú don chumarsáid inmheánach agus don bhainistíocht foirne, m.sh. suirbhéanna ar thuairimí na mball foirne agus foirmeacha chun measúnuithe a dhéanamh nó le clárú.

Laistigh de Corvers Survey, cuirtear raon leathan eilimintí ar fáil a úsáidtear ar fhoirmeacha, ó na cinn is simplí (m.sh. ceisteanna téacs agus ceisteanna ilrogha) go cinn níos casta (scarbhileoga ineagarthóireachta agus eilimintí ilmheáin).

/home/welcome

Gnéithe

Tá mórchuid gnéithe in Corvers Survey. Cuirtear ar fáil iad le freastal ar riachtanais éagsúla a bhaineann le suirbhéanna de chineálacha éagsúla a chruthú. Tá liosta iomlán de na gnéithe sin thíos:

Gnéithe a bhaineann le Foirmeacha

Foirmeacha is féidir a shaincheapadh

San eagarthóir so-úsáidte cuirtear rogha leathan de chineálacha ceisteanna ar fáil – ceisteanna simplí téacs, ceisteanna ilrogha, ceisteanna i bhfoirm tábla agus eilimintí ilmheáin. Is féidir eilimintí speisialta struchtúracha a úsáid chun struchtúr a chur ar an suirbhé.

Ceisteanna spleácha

In Corvers Survey, is féidir ceisteanna agus réimsí breise a thaispeáint a bhíonn ag brath ar na freagraí a thugann an freagróir, rud a dhéanann an suirbhé idirghníomhach.

Foilsiú a sceidealadh

Is féidir tráth ar leith a shonrú le haghaidh fhoilsiú nó dhífhoilsiú do shuirbhé.

An fhoirm a athrú i ndiaidh a foilsithe

Is féidir suirbhé atá foilsithe a athrú gan aon cheann de na haighneachtaí a chailleadh.

Teangacha

Tá an comhéadan úsáideora ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus is féidir an fhoirm a aistriú go haon cheann den 136 theanga a chuimsíonn ISO 639-1, ón Abcáisis go dtí an Volaifis.

Slándáil

Tá an infreastruchtúr is gá ag Corvers Survey chun na foirmeacha ar líne a choinneáil slán.

Is féidir cuireadh a sheoladh díreach ón bhfeidhmchlár féin

Is féidir na teagmhálaithe roghnaithe a bhainistiú sa 'Leabhar Seoltaí' agus an liosta sin a úsáid chun ríomhphost pearsanta a sheoladh chuig gach teagmhálaí ina mbeidh nasc rochtana pearsanta.

Ardsocruithe príobháideachais

Is féidir leat príobháideachais an rannpháirtí a chinntiú trí fhoirm anaithnid a chruthú. Sa chás sin, ní bheidh sonraí nascachta ar fáil duit mar údar na foirme.

Cuma an tsuirbhé a shaincheapadh

A bhuí leis an eagarthóir stíleanna CSS insuite agus leis na heagarthóirí méith-théacs leabaithe do gach ceann de na heilimintí a bhíonn le feiceáil, bíonn smacht iomlán agat ar leagan amach na foirme. Tá liosta mór de théamaí ar fáil do na suirbhéanna a fhágann gur fusa an fhoirm a chur in oiriúint don chineál tionscadail atá idir lámha agat. Is féidir an suirbhé a bheith ar leathanach amháin nó a bheith ar níos mó ná leathanach amháin.

Aighneacht a shábháil mar dhréacht

Is féidir leat ligean do rannpháirtithe a n-aighneacht a shábháil mar dhréacht ar an bhfreastalaí agus teacht ar ais chun leanúint de níos déanaí.

Freagraí a thabhairt agus tú as líne

Le Corvers Survey, is féidir leat foirm a líonadh isteach agus tú as líne, agus an aighneacht a sheoladh isteach chuig an bhfreastalaí níos déanaí.

Uimhriú uathoibríoch

Chun struchtúr a chur ar an suirbhé, is féidir le Corvers Survey eilimintí na foirme a uimhriú duit.

Codarsnacht mhéadaithe

Is féidir le rannpháirtithe lagamhairc leagan ardchodarsnachta den suirbhé a roghnú. Cruthaítear sin go huathoibríoch do gach foirm.

Comhaid tacaíochta a uaslódáil

Is féidir leat comhaid a uaslódáil lena gcur le do shuirbhé. Is féidir le gach duine a líonann amach do shuirbhé iad sin a íoslódáil.

Bainistiú Foirmeacha

An suirbhé a fhoilsiú

Más mian leat, is féidir do shuirbhé a fhoilsiú go huathoibríoch ar "liosta na suirbhéanna poiblí", le go bhfeicfidh níos mó daoine fós é.

Comhoibriú

Má tá suirbhé agat a bheidh á bhainistiú ag níos mó ná duine amháin, ligeann Corvers Survey duit ceadanna ardleibhéil a shocrú d'úsáideoirí eile sa chaoi gur féidir leo suirbhé a thástáil nó anailís a dhéanamh ar thorthaí suirbhé.

Torthaí a bhainistiú

Anailís a dhéanamh thorthaí suirbhé

Tá bunfheidhmeanna ag Corvers Survey lenar féidir anailís a dhéanamh ar shonraí agus na sonraí sin a amharcléiriú i bhfoirm histeagram agus cairteacha. Is féidir iad a easpórtáil freisin i bhformáidí caighdeánacha scarbhileoige lena n-iompórtáil isteach i bhfeidhmchláir staidrimh.

Na torthaí a fhoilsiú

Tugann an feidhmchlár Corvers Survey caoi duit chun fothacar de gach freagra a seoladh isteach a fhoilsiú ar leathanaigh inmheánacha an fheidhmchláir. Is féidir leis an gcóras staitisticí agus cairteacha a ghiniúint go huathoibríoch.

Aighneachtaí atá seolta isteach a chur in eagar

Is féidir leat cead a thabhairt do na rannpháirtithe aighneacht a chur in eagar tar éis dóibh í a sheoladh isteach.

Teicneolaíochtaí tríú páirtí

Tá Corvers Survey bunaithe ar roinnt leabharlann foinse oscailte agus acmhainní saor in aisce.

Teicneolaíochtaí tríú páirtí

Tá Corvers Survey bunaithe ar roinnt leabharlanna foinse oscailte agus acmhainní saor in aisce.
Tá teacht ar na creidiúintí agus ar liosta na n-acmhainní a úsáideadh ag an nasc thíos.

An liosta

Software licence and credits

The software of this service is a modified version of EUSurvey, developed by the European Commission and published as open-source software.

This instance has been modified by Corvers since 14 September 2026: rebranding for Corvers, removal of the European Commission and EUSurvey visual identity, replacement of the terms, privacy and data-protection texts, and deployment changes. The complete list with dates is distributed with the software as MODIFICATIONS and is available at /MODIFICATIONS.txt.

The software is licensed to you under the EUPL v1.2, which grants the right to use, modify and redistribute it provided the notices are kept, the modifications are declared, and the result remains under the EUPL v1.2 or a compatible licence. The licence text is distributed with the software (LICENSE.txt) and the third-party notices in NOTICE.txt. These rights concern the software; use of this hosted service is governed by the Terms of Service.

“European Union”, “European Commission” and “EUSurvey” are names and trademarks of the European Union, used here only to identify the origin of the software. Their use does not imply any endorsement of this service by the European Union or the European Commission.